Landscape and scenery have inspired poets throughout the ages and this is equally true of fili na Gaeilge as any other language or culture. Two of the poets referred to in this contribution were blind and in the first case Seamus Dall Mac Cuarta laments his inability to enjoy the sights of the spring countryside when the cuckoo sings and people travel to their assemblies.
Antoine Rafturai, the famous nineteenth century wandering poet and musician was blinded by an illness in his childhood and his famous poem about County Mayo, the county of his birth, attributes extraordinary fertility to the lands of Mayo. His famous epic Seanchas na Sceiche recounts the history of Ireland as seen by a bush on the roadside in Headford, County Galway.
Some of the most celebrated lines in Irish verse are those of Brian Merriman's descriptive passages about the dawn landscape in Loch Graney, County Clare, and from more recent times Liam O Flatherta's delightful lyric Na Blatha Craige portrays these beautiful rock-flowers bewitched by the music of the waves on the coast of Aran.
'San seachtú aois déag chum ‘Séamus DaIl Mac Cuarta 'Fáilte don éan' agus insan amhrán deireann sé
- 'Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m'amharc a dh'fháil
- Go bhfaicinn ar uaigneas uaisle an duiliúir ag fas
- Cuid de mo ghruaim nach ngluaisim chun cruinnithe le cách
- Le seinm na gcuach ar bhruach na coille go sámh.'
Tugann Séamus DaIl léargas dúinn ar fhulaingt an daill nach bhfaigheann radharc ar áilleacht na tíre ' san Earrach nuair a chloistear an chuach ag fógairt teacht an tSamhraidh agus nuair a bhíodh sé de nós ag na clainn teacht le chéile ag cruinnithe. Tugann sé tuiscint dúinn ar phian an fhile ina uaigneas dorcha agus ar thábhacht Shéamuis Dall mar fhile a chleachtaigh an trí rann agus amhrán mar mhúnla éifeachtach dá chuid smaointe agus mothúcháin.
Airíonn an file uaidh radharc áilleacht na tuaithe, na plandaí agus an ghlóir bhinn, an chuach.
Níl aon amhras ná go raibh áilleacht na dúiche chun tosaigh i smaointe agus i ndánta na bhfilí in Éirinn trid na h-aoiseanna. Tá linte as cuid de na dánta agus na h-amhráin sin ar eolas ag cuid rnhaith de mhuintir na hÉireann sa lá atá inniu ann mar go raibh sé de nós ag scoláirí filíocht a fhoghluim de ghlan-mheabhair i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna na tíre go dtí le gairid. Dúirt Brian McMahon go thug na véarsaí seo saibhreas do na scoláirí a mhair leo ar feadh a saoil. 'The furniture of the mind' a thug sé ar na seoda a d'fhoghluim daoine ar scoil i mBéarla agus i nGaeilge. Tá Caoineadh Chill Chais i measc na ndánta ba chOltIanta dá múineadh ins na bunscoileanna mar go raibh ceol agus filíocht ann chomh maith le stair agus polaitíocht.
Tá roinnt aistriúcháin ar 'Chúirt an Mheán-Oiche' a thugann brí agus greann gáirsiúil an dáin leo ach dar liom féin nil aon aistriúchán ar cheol na linte a thugann iomhánna áiIne an tSamhradh in aice le Loch Gréine i gCondae an Chláir.
- 'Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na h-abhann,
- Ar bháinseach úr 'san drúcht go trom,
- In aice na gcoillte i gcoim an tsléibhe,
- Gan mhairg, gan mhoill le soilse an lae.
- Do ghealadh mo chroí nuair chínn Loch Gréine,
- An talamh, an tír agus íor na spéire;
- Ba thaitnearnhach aoibhinn suíomh na sléibhte,
- Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile.
- Do ghealfadh an croí a bhí críon le cianta,
- Caite gan bhrí no líonta i bpianta'.
File dall eile ab ea Antoine Raftúraí agus tá línte 'Cill Aodáin' i gcuimhní cinn na ndaoine óna laethanta scoil. Rugadh an file insan mbaile beag seo in aice le Coillte-Mach i gContae Mhalgh Eó timpeall 1784. Chaill sé radharc na súI leis an ngalar breac thart ar 1794 ach d'fhoghluim sé an bhéidhlín agus chaith sé a shaol ag taisteal agus ag cumadh véarsaí. I gCill Aodáin molann sé saibhreas an dúlra 'san gceanntar chomh h-ard sin nach n-aithneodh muintir na tire a ndúiche féin ann. Mahogany ag fás i Maigh Eó!
- 'Bionn cruithneacht a's coirce, fas eorna 'gus lin ann,
- Seagal i gcraobh ann, arán plúir agus feoil
- Lucht déanta poitín gan license dá dhíol ann
- Mór-uaisle na tíre ann ag imirt's ag ól.
- Tá cur agus treabhadh ann ag leasú gan aoileach,
- Is iomaí sin ní ann nar labhair me go fóill,
- Áthanna, 's muillte ag obair gan sgith ann,
- Gan caint ar phingin cíosa ann ná dada dá shórt.
- Tá gach uile shórt adhmaid d'ár chóir do chur sios ann,
- Bíonn sicamór 's beech ann, coll, giúis, a's fuinnseog,
- Box agus cuilleann, iúbhar, beith agus caorthainn
- 'San ghlas-dair d'á ndéantar bád long as crann seoil.
- An longwood, mahoganí, , S gach adhmad dá dhaoirse
- 'S fhiar-mhaide dhéanfadh gach uile ghleas ceoil,
- Oltóir 's sceach-gheal ann da gearradh 's dá snaidhmeadh
- 'San tslat ann do dhéanfadh cis cléibh agus lóid.
Ta an-cháil ar an dan Cill Aodáin agus Anach Cuain ach se 'Seanchas na Sceiche' an dán is fearr liom fein de dhánta Raftúrai. Lá báistí chuaigh sé faoi sceach ag lorg foscadh agus ní bhfuair se mórán cosaint ar an aimsir ón sceach. Thosaigh sé ag cur mallacht ar an sceach nuair a labhair an sceach chun a scéal féin a insint. Leanann an scéal ar feadh trí chéad líne nó mar sin ag insint sceal na sceiche nó stair na h-Éireann. 'Sna línte tosaigh déanann an file cursíos ar an sceach agus an aimsir.
- 'Ní bhfuair mé ann i leadh-taobh bearnan,
- Ach sean-sceach chaite chraite chráite
- Ar taobh an chlaí 's a h-aghaidh le fána,
- Dhruid mé fúithi 's ba fhliuch an áit dom'.
- Bhí an fhearthainn go dian, ag teacht as gach céarda,
- Anoir 's aniar, 's anuas le fána
- A shamhail ní fhéadfainn thabhairt duit láithreach,
- Ach roithlean la 'bheith ag criathru ráibe'.
'Siad na linte bríomhara agus na h-iomhanna is mó a thaitnionn liom, ‘san dán seo agus tá sé soiléar gur dán seo cumadh le h-aithris roimh lucht éisteachta.
Tá cáiI agus eolas ar Liam Ó Flaithearta mar scríobhneoir i mBéarla agus i nGaeilge. In Inis Mór, Árainn, a rugadh é agus tá a chuid gearrscéalta insan dá theanga préamhaithe insan nádúir mar a chonaic sé é agus é ina ghasur ar an oileán. Insan liric 'Na Blátha Craige' déanann sé iontas go mbeadh siad ag fás in áit chomh suarach le bruach aille.
- 'Gan fiú ach an chloch ghlas
- Agus salachar na n-éan,
- Áit bhradach lan le ceo' .
Freagraíonn na blátha:
- 'Is cuma linn, a stór,
- Táirnid faoi dhraíocht
- Ag ceol na farraige'.